Is aisteach an rud an saol. Bionn sé ag teacht thart mar bheadh rotha mór, agus an té a bhíos ar bharr an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar íochtar an rotha athbhliain, agus an té a bhíos ar íochtar an rotha i mbliana is minic go mbíonn sé ar uachtar athbhliain - seanscéal

2012-01-18

Nathanna Cainte anseo is ansiúd

Le linn mo chuid ama i gCéim Aniar sna Dúnaibh déanaim cómhra leis na daoine áitiúla go mion agus go minic, i nGaeilge más féidir. Go hiondúil le linn an chomhrá, seasfaidh rud éigin amach, idir fhocail nua, idir fhoghraíocht chanúna agus idir chomhthéacsanna neamhghnátha. Cuireann na focail seo leis mo stór focail agus déanaim achan iarracht iad a úsáid as sin amach chomh minic agus is féidir.

Cuir i gcás an sampla seo ó chainteoir líofa dúchais na nDúnaibh. Bhí sé ag déanamh cur síos ar an bhóthar a ghlacfá le teach a aimsiú, agus arsa sé, 'lean ort tamall, agus nuair a fhaigheann tú (a) fhad leis an choill, tiontaigh ar cheart'. Char chuala mé ariamh an focal 'ceart' sa chomhthéacs seo, agus níl fáil air (le linn m'iarrachtaí cibé!) in Ó Dónaill ná i nDe Bhaldraithe.

Chuala mé nath iontach ar na mallaibh sna Dúnaibh ag déanamh cur síos ar dhuine cheanndána mar  'duine ramhar sa réasún'. Is féidir seo a aimsiú in Ó Dónaill  mar 'thick-headed, unreasoning'. Iontach áisiúil amach anseo, táim ag déanamh!

Focal eile a chuala mé, agus a mhínítear domh, mar an focal {KOO-PAN}, (rachaidh mé sa tseans le 'cúpán' mar litriú). Míníodh an focal mar seo : Fadó bhíodh mucra ag daoine anseo is ansiúd. Go minic bheireadh thart ar sé chloigeann dhéag d'theaghlach (ná mar sin) agus bhíodh ar na daoine na muca is laige a thabhairt isteach fán theach le hiad a chothú. 'Cúpán' a tugadh orthu. Cha raibh mé ábalta teacht ar an fhocal seo in Ó Dónaill ná i nDe Bhaldraithe, ach tá cosúlachtaí i mórán bealaigh idir 'cúpán' agus 'cúpla'.


Ar ndóigh, is nós atá in úsáíd sna Dúnaibh agus i mo cheantar fhéin  an focal 'araist' a úsáid in áit 'arís'. Táim ag déanamh go bhfuil sin níos forleithne thart fán chontae agus i gcanúint na n-Ultach?

Bheinn buíoch dá roinnfeadh sibh bhur dtuairimí liom!

5 comments:

  1. Maidir leis an "tiontaigh ar cheart" úd, meas tú arbh é go ndeara sé botún? Mura chuala tú ach uair amháin é...

    ReplyDelete
  2. Maidir le "cúpán" sin ceann do mo dhuine Micí a bhíonn ag caint le Rónán gach Máirt ar Rónán Beo.

    ReplyDelete
  3. Sin an rud go díreach a cheap mé fhéin a Aonghuis, ach dúradh cupla uair é, agus chan duine amháin a úsáideann é chomh maith. Cuir i gcás ar maidin, d'iarr mé san oifig ' Cén dóigh a dhéarfá sibh 'turn right' agus bhí duine ag úsáid an leagan 'ceart' anseo chomh maith. Sílim go bhfuil baint éigin aige leis an fhocal 'ciotach'?

    ReplyDelete
  4. Chím i gcónaí botúin i ndiaidh domh an diabhal rud a chur suas

    ReplyDelete
  5. Maith an duine Seán Ó Daimhin, Oifigeach Forbartha Gaeilge an Chomhairle Chontae Dhún na nGall. Chuir sé ar an eolas domh go bhfuil 'copánach' le fáil in Ó Dhuinnín, agus an míniú atá leis : a little pig fed with milk from a saucer'.

    ReplyDelete